Seamus Ennis An Poc Ar Buile
Ag gabháil dom sior chun Droichead Uí Mhóradha, Píce im dhóid s mé ag dul i meithil, Cé casfaí orm i gcuma ceoidh, Ach pocán crón is é ar buile. Curfá: Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile Do ritheamar trasna trí ruillógach, Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge, Is treascairt do bhfuair sé sna turtóga, Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh. Curfá Níor fhág sé carraig go raibh scót ann, Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh, S Ansan sea do cháith sé an léim ba mhó, Le fána mhór na Faille Bríce. Curfá Bhí garda mór i mBaile an Róistigh, Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh, Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann, S dá bhríste nua do dhein sé giobail. Curfá I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna, Bhí an sagart paróiste amach nár gcoinnibh, Is é dúirt gurbh é an diabhal ba Dhóigh leis, A ghaibh an treo ar phocán buile.
|