Kilkenny Tradfest 2015 Nell Ni Chroinin A mhic mo chroí
A mhic mo chroí arsan sáirsint groí, Ar mhaith leat bheith in arm is in éide an Rí Id Royal Dragoon thar farraige anonn Is gan aon rómhoill bheith id oifigeach mór agus tu rai a fol de dídil a tu rai o rai o rai a agus tu rai a fol de dídil a tu rai o rai o rai a Dhein Tadhg liostáil is do chuaigh thar sáil Bhí a mháthair tamall fada gan a thuairisc dfháil, Ach i mí Meán Fhómhar tháinig long fé sheol Go cuan Chorcaí agus Tadhg ar bord Do lig sí béic nuair a chonaic sí é Mar bhí Tadhg ina bhacach agus crannchos fé, Mhuise a Thaidhgín, a rúin, gan ach adhnad fút, Thanam ón diabhal, nó an tú atá chugam A raibh tú caoch nó a raibh tú dall, Nó ar dhearmadais do chosa is iad a fhágaint thall Nó a raibh tú ag siúl ar an bhfarraige mhór Go rabhadar caite agat ó shál go glúin. Ní raibh mé caoch ná ní raibh mé dall, s níor dhearmadas mo chosa ná iad dfhágaint thall Ach ag lámhach na ngunnaí i Sevastapool Siob an chaor mo chosa ó mo chorp ar siúl.
|
|